Ar an 14ú
Meán Fómhair 1607, d’fhág scaifte de mhóruaisle na nGael Dún na nGall
chun tearmann a aimsiú san Eoraip agus tacaíocht a lorg dá gcás i nÉirinn.
Ní fhillfeadh said go brách arís. ‘Imeacht na nIarlaí’, mar a b’fhearr
aithne, a tugadh ar an eachtra i Stair na hÉireann. Chuir á n-imeacht
deireadh leis an tseanchóras Gaelach a mhair thar 1000 bliain agus réitigh
sé an bealach do Phlandáil Uladh.
Ina measc siúd a d’imigh bhí Aodh Ó Neill, Iarla Thír Eoghain, Ruairí Ó Dónaill, Iarla Thír Chonaill, Na Mag Uidhir as Fear Manach, agus dosaenacha de scothshaighdiúirí agus lucht léinn. Réitigh an ‘Imeacht’ seo an bealach d’imeachtaí eile mar Phlandáil Uladh. Bhí sé tábhachtach fosta maidir le Diaspóra na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Bhunaigh na glúnta a tháinig ina ndiaidh iad fhéin mar cheannairí in go leor réimsí éagsúla ins na tíortha inár lonnaigh said iontu agus is amhlaidh an scéal go dtí an lá atá inniú ann.
B’é 2007 an 400ú Comóradh d’Imeacht na nIarlaí. Thug Comhairle Chontae Dhún na nGall agus Bord Forbartha Chontae Dhún na nGall futhú ar chomóradh bliana a chomhordú ar fud Chontae Dhún na nGall agus Réigiún an Iar-Thuaisceart, chun an t-aitheantas ceart a thabhairt don ócáid thábhachtach, stairiúil seo, i rith 2007. Cuid de na himeachtaí a reachtáladh nó an long ard ‘An Jeanie Johnston’a fhilleadh, píosa ceoil amharclainne Dhónal Ó Ceallaigh ‘Running Beast’, bunaithe ar Aodh Ó Neill, Iarla Thír Eoghain, Mór-thaispeántas ‘From Leaders to Exiles’ in Iarsmalann an Chontae, comhdháil acadúil san LYIT, carnabhál teaghlaigh agus seó pior-theicnic i Rath Maoláin, agus ceolchoirm mórthaibhseach clabhsúir in Eaglais Bhaile na nGallóglach le Elaine Agnew lena ceol nuachumtha, an fidléir Conallach Tommy Peoples, agus Gabriele Mirabassi le Ceolfhoireann na hÉireann agus cóir de 150 paistí scoile ó cheantar na nGallóglach. Taispeánann an láithreán gréasáin seo na himeachtaí go léir a bhí ar siúl i rith 2007.
Soláthraíonn an láithreán gréasáin seo foilseacháin agus ailt ar an ábhar
agus is féidir é a úsáid mar áis oideasúil.